fbpx

Imeachtaí

08 Meitheamh 2020

Caisleán & Daonpháirc Bhun Raite agus Caisleán Rí Eoin le hathoscailt ar 29 Meitheamh

Caisleán Rí Eoin le hathoscailt ar 29 Meitheamh

Dé Céadaoin 10 Meitheamh 2020: Tá sé fógartha ag Discover Limerick go n-osclóidh a shuíomhanna cuairteoirí i gCaisleán & Daonpháirc Bhun Raite i gCo an Chláir agus i gCaisleán Rí Eoin i Luimneach níos luaithe ná mar a bhí beartaithe. De réir threoirlínte athbhreithnithe an Rialtais maidir le hathoscailt athosclófar na suíomhanna anois ar 29 Meitheamh. Cuireadh an fhoireann ag Shannon Heritage ar an eolas agus tá obair ag dul ar aghaidh ar bhearta a chur i bhfeidhm ag na láithreacha chun sláinte agus sábháilteacht na foirne agus na gcustaiméirí a chinntiú.

Táimid ag tnúth le fáilte a chur romhat ar ais!